Eolas d’fhostóirí
Is iad na fostóirí a chuireann scéimeanna pinsin ceirde, nó pinsin chuideachta mar a thugtar orthu uaireanta, ar bun chun socair bháis agus sochair scoir a sholáthar dá gcuid fostaithe. Níl aon dualgas dlíthiúil ar fhostóir scéim pinsin ceirde a chur ar bun.
Nuair a chuireann fostóir scéim pinsin ceirde ar bun dá chuid fostaithe, bíonn roinnt oibleagáidí i gceist lena chinntiú go gcomhlíonfar an reachtaíocht agus na rialacháin ábhartha.
Más rud é nach bhfuil scéim pinsin ceirde á feidhmiú ag fostóir nó má tá srianta áirithe ag baint leis an scéim atá acu, éilítear orthu leis an dlí a chinntiú go bhfuil rochtain ag a chuid fostaithe ar aon Chuntas Coigiltis Scoir Pearsanta (PRSA) Caighdeánach amháin ar a laghad. Ní mór d’fhostóir, a bhfuil sé d'oibleagáid air rochtain ar PRSA a sholáthar ar an mbealach sin, roinnt riachtanas sonraithe breise a chomhlíonadh, lena n-áirítear oibleagáidí áirithe maidir le híocaíocht agus nochtadh.
Tá sonraí faoi na hoibleagáidí a bhíonn ar fhostóirí agus eolas faoi na cineálacha plean pinsin is féidir leat a chur ar bun do do chuid fostaithe - scéimeanna pinsin ceirde agus Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta (PRSAnna) - ar fáil i mBéarla sa chuid ‘Pension guides’ (Treoracha Pinsin).