Eolas d’Iontaobhaithe agus do Riarthóirí Cláraithe

Iontaobhaithe

Faoi Acht na bPinsean, is ar na hiontaobhaithe atá an phríomhfhreagracht as riar scéimeanna maoinithe pinsin ceirde agus as comhlíonadh na gceanglas a bhaineann leis na scéimeanna sin. Tá sé de fhreagracht ar an Údarás Pinsean faoin Acht:

  • treoir a thabhairt d’iontaobhaithe ar a ndualgais agus ar a bhfreagrachtaí maidir le riar na scéime

  • cóid chleachtais a eisiúint faoi ghnéithe faoi leith de dhualgais iontaobhaithe.

D'fhorbair an tÚdarás cóid rialachais do scéimeanna le ranníocaíocht shainithe ina leagtar amach na caighdeáin a bheifear ag súil a nglacfaidh na hiontaobhaithe leo chun a dtiomantas a léiriú maidir le freastal ar leasanna na mball agus na dtairbhithe. 

Tá treoir sa Lámhleabhar d’Iontaobhaithe maidir leis an gcaoi Acht na bPinsean agus reachtaíocht ábhartha eile a chomhlíonadh. Tacaíonn an lámhleabhar freisin le dea-chleachtas i gcoitinne a chur chun cinn maidir le riar na scéime.  Áis thábhachtach is ea an lámhleabhar le cabhrú le hiontaobhaithe a gcuid dualgas agus a gcuid freagrachtaí a chomhlíonadh go héifeachtach.  Scríobhadh an lámhleabhar a mhéid ab fhéidir i bhfriotal neamhtheicniúil chun go dtuigfeadh gach iontaobhaí é.

Riarthóirí Cláraithe

Ní mór d’iontaobhaithe gach scéime (lena n-áirítear scéimeanna móra um chonarthaí iontaobhais blianachta scoir) riarthóir cláraithe a cheapadh chun seirbhísí éagsúla, a dtugtar 'feidhmeanna lárnacha riaracháin’ orthu, a chur ar fáil don scéim.

Is éard atá sna 'feidhmeanna lárnacha riaracháin' sin ná tuarascálacha bliantúla agus ráitis sochair bhliantúla a chur i dtoll a chéile do na hiontaobhaithe, taifid leordhóthanacha, chruinne a choinneáil faoi na baill agus a dteidlíochtaí chun na feidhmeanna thuasluaite a chomhlíonadh.

Ní mór do riarthóirí cláraithe Faisnéis Bhliantúil na Scéime (ASI) a chur ar fáil don Údarás atá ar aon dul leis an eolas is gá chun tuarascálacha bliantúla na scéime agus ráitis sochair ball a ullmhú.

Ní mór do riarthóirí cláraithe iarraidh ar an Údarás a gclárúchán a athnuachan gach bliain, agus amhlaidh a dhéanamh nach lú ná 30 lá roimh dháta na hathnuachana.

Ní mór iarratais ar athnuachan mar riarthóir cláraithe a chomhlánú trí Chlár Sonraí Pinsin an Údaráis (PDR).