Cumarsáid leictreonach

Tá cead ag iontaobhaithe faisnéis a sholáthar do chomhaltaí nó do thairbhithe trí úsáid a bhaint as modhanna leictreonacha de réir alt 2(8) d'Acht na bPinsean. Agus é sin á dhéanamh acu, ní mór dóibh cloí leis an Acht um Thráchtáil Leictreonach, 2000 (an ECA).

Deimhníonn an tÚdarás Pinsean go bhfuil iontaobhaithe freagrach as a chinneadh conas a chomhlíonann siad ceanglais ECA agus cén cineál toilithe a theastaíonn ó chomhaltaí chun faisnéis a fháil go leictreonach (.i. toiliú gníomhach nó éighníomhach). Is é dearcadh an Údaráis gur cheart d’iontaobhaithe aird a thabhairt ar phróifíl shonrach agus ar thaithí a mballraíochta scéime féin agus cinneadh á dhéanamh acu ar an gcineál toilithe is oiriúnaí.