Is mian liom tús a chur le Pinsean/PRSA
Is tábhachtach an rud é airgead a chur i leataobh do do thréimhse scoir. Tá daoine ag maireachtáil níos faide na laethanta seo agus bíonn saol níos gníomhaí acu agus iad ar scor. Dá thoradh sin tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh go ndéanfá machnamh ar an áit as a dtiocfaidh d'ioncam nuair rachaidh tú ar scor.
Tá sé tábhachtach duit, is cuma cén aois thú, pleanáil a dhéanamh le haghaidh na rudaí sin agus cinntí a dhéanamh faoi do phinsean. Is minic nach dtuigeann daoine gur sócmhainn an-luachmhar í ballraíocht i scéim pinsin.
Tá áireamhán ar líne ag an Údarás Pinsean a chuireann ar do chumas an méid airgid a bheadh ort a íoc i leith do phinsin, i bhfianaise d’aoise agus do thuarastail bhliantúil i láthair na huaire, chun go mbeadh a leithéid de phinsean agat a mbeifeá ag súil leis is tú ag dul ar scor.
Tá treoracha pinsin ar fáil anseo i mBéarla, ina dtugtar faisnéis faoi na cineálacha pleananna pinsin is féidir leat a úsáid chun airgead a choigilt do do tréimhse scoir - scéimeanna pinsin ceirde agus Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta (PRSAnna).
Le tuilleadh eolais a fháil d’fhonn tuiscint a fháil ar na cineálacha éagsúla pinsin, féach ar an gcuid ‘Understanding your pension’ (Do Phinsean a Thuiscint), atá ar fáil anseo i mBéarla.