Cuntais choigiltis scoir phearsanta (CCSP)

Is cuntas é Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta (CCSP) is féidir leat a úsáid chun coigilt a dhéanamh ar do scor. Is cuntas infheistíochta é toisc gur féidir leat do choigilteas a infheistiú i gcistí infheistíochta éagsúla trí do chuntas. Is féidir leat íocaíochtaí rialta nó cnapshuimeanna a dhéanamh le do CCPS, agus is gnách go mbíonn siad seo inasbhainte ó thaobh cánach. Ní íocann tú cáin ar aon ghnóthachain infheistíochta ach d’fhéadfadh go n-íocfaidh tú cáin ar na sochair scoir a fhaigheann tú ó do CCSP. Is féidir leat CCSP a fháil le soláthraí CCSP údaraithe.

Soláthraíonn CCSP sochair ag am scoir bunaithe ar mhéid na n-íocaíochtaí nó na ‘ranníocaíochtaí’ a d’íoc tú isteach agus na torthaí infheistíochta a thuilltear ar na ranníocaíochtaí sin.

Tá CCPS ar fáil duit beag beann ar do phost nó ar do stádas fostaíochta. Is féidir leat CCSP a fháil más fostaí páirtaimseartha nó ócáideach thú, duine gairmiúil ar phá ard, duine féinfhostaithe, cúramóir, cuardaitheoir poist, conraitheoir, fostóir, fostaí nó páirtí i gcomhpháirtíocht.

Tá CCPS solúbtha; is féidir leat do ranníocaíochtaí a mhéadú, a laghdú nó a stopadh ag am ar bith gan aon mhuirear nó pionós. Tá CCPS iniompartha; is féidir leat do CCSP a iompar ó phost go post nó é a aistriú chuig soláthraí CCSP eile gan aon táille nó pionós.

Mura gcuireann d’fhostóir rochtain ar fáil duit ar scéim pinsean ceirde nó má tá srianta áirithe i bhfeidhm ar a scéim, ní mór rochtain ar CCPS caighdeánach a sholáthar duit. 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi CCPS, féach an treoir ar 'CCSP – Treoir do thomhaltóirí agus d'fhostóirí' ar an leathanach seo. Tá clár de sholáthraithe CCSP agus a gcuid táirgí ceadaithe ar fáil thíos chomh maith le sonraí faoi na táillí a bhaineann leo freisin.