Maidir Linn
Rialaíonn an tÚdarás an chaoi a bhfuil ceanglais Acht na bPinsean á gcomhlíonadh ag iontaobhaithe scéimeanna pinsin ceirde, soláthraithe Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta (PRSAnna), Riarthóirí Cláraithe (RAnna) agus fostóirí, agus déanann sé maoirseacht orthu. Tá coigiltis scoir curtha ag beagnach milliún ball i scéimeanna pinsin ceirde agus in PRSAnna agus is fiú thart ar €100 billiún na sócmhainní sin.
Tá trí phríomhfheidhm á gcomhlíonadh ag an Údarás Pinsean:
Rialáil - muinín an phobail i bpinsin a mhéadú trí scéimeanna pinsin agus PRSAnna a rialú go héifeachtach agus go héifeachtúil
Beartas - sainchomhairle a sholáthar don Aire Coimirce Sóisialaí chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt bheartais
Faisnéis - tacaíocht a thabhairt d’iontaobhaithe scéimeanna pinsin agus don phobal trí threoir agus faisnéis a chur ar fáil