Comhdháil Riosca an Údaráis Pinsean 2023 cothrom le dáta

4 Deireadh Fómhair 2023: Inniu, d’fhógair an tÚdarás Pinsean tuilleadh sonraí faoina Chomhdháil Riosca atá le teacht an 11 Deireadh Fómhair 2023 in Óstán an Marker i mBaile Átha Cliath.

Tá áthas ar an Údarás a thuairisciú go bhfuil lánacmhainneacht bainte amach ag an gcomhdháil mar gheall ar an ardleibhéal suime a léiríodh inti. Tá sé socraithe anois an imeacht a thaifeadadh mar gheall ar an leibhéal suime seo. Sna laethanta ina dhiaidh sin, cuirfear na sleamhnáin taifeadta agus cur i láthair ar an leathanach imeachtaí de shuíomh Gréasáin an Údaráis.