Foilsíonn an tÚdarás Pinsean a thuarascáil ar thorthaí Rannpháirtíochta agus iniúchta don bhliain 2022
15 Nollaig 2022: Inniu, foilsíonn an tÚdarás Pinsean a thuarascáil ar thorthaí Rannpháirtíochta agus iniúchta don bhliain 2022.
Is é cuspóir na tuarascála ná tuairimí a roinnt ar na príomhthorthaí a aithníodh le linn ghníomhaíocht rannpháirtíochta agus iniúchta an Údaráis in 2022. Áiríodh sa chlár rannpháirtíochta cruinnithe duine le duine le roinnt scéimeanna móra SS agus DC. Chomh maith leis sin rinne an tÚdarás sraith iniúchtaí comhlíonta ar shocruithe comhalta amháin agus iniúchadh ar oibleagáid iontaobhaithe na scéime pinsin ráiteas comhlíonta bliantúil 2021 (ACS) a ullmhú.
Cé nach bhfuil sonraí na dtorthaí atá leagtha amach sa tuarascáil seo uileghabhálach, tá an tÚdarás ag súil go mbreithneoidh gach bord iontaobhais agus a gcomhairleoirí na torthaí seo agus meastóireacht a dhéanamh ar a gcleachtais féin le fáil amach an bhfuil aon fheabhsúcháin ag teastáil.
Tá an tuarascáil ar fáil faoi Chomhad(Comhaid) Ghaolmhara thíos.
Nuacht trí sheirbhís foláirimh ríomhphoist
Féadfaidh tú clárú saor in aisce ar shuíomh Gréasáin an Údaráis chun foláireamh ríomhphoist a fháil am ar bith a fhoilsíonn an tÚdarás faisnéis ar a shuíomh Gréasáin.
-Agus-
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
Aonad Teicniúil
An tÚdarás Pinsean
Teil: 01 613 1900
info@pensionsauthority.ie