Is féidir Deimhnithe Maoinithe Achtúireacha (AFCanna) agus Deimhnithe Cúlchiste Caighdeánach Maoinithe (FSRCanna) a chur isteach anois trí ISIS

Dé Céadaoin 10 Nollaig 2014: Ón lá atá inniu ann ní ghlacfaidh an tÚdarás Pinsean ach le AFCanna agus FSRCanna a chuireann achtúirí scéime isteach go leictreonach trí ISIS.

Chun aighneachtaí AFC agus FSRC a dhéanamh, beidh ar achtúirí scéime clárú le haghaidh ISIS (mura bhfuil sé sin déanta acu cheana féin). Tá treoirleabhar ar conas is féidir le hachtúirí scéime clárú le haghaidh ISIS ar fáil faoi Dhoiciméid Ghaolmhara.

Tá treoracha maidir le conas AFCanna agus FSRCanna a chur isteach ar fáil tar éis duit logáil isteach ar ISIS ón rannán Cabhair.