Is féidir Tuairisceáin Bhliantúla Sonraí Achtúireacha (AADRs) a chur isteach anois trí ISIS

Dé Máirt 13 Bealtaine 2014:  Ón lá atá inniu ann ní ghlacfaidh an tÚdarás Pinsean ach le Tuairisceáin Sonraí Achtúireacha Bliantúla (AADRs) a chuireann achtúirí scéime isteach go leictreonach trí ISIS. Sula ndéanfaidh siad aighneachtaí AADR, beidh ar achtúirí scéime clárú le haghaidh ISIS. Tá treoirleabhar ar conas is féidir le hachtúirí scéime clárú le haghaidh ISIS ar fáil faoi Dhoiciméid Ghaolmhara. Táthar ag súil go mbeidh an áis chun AFCanna agus FSRCanna a uaslódáil ar fáil níos déanaí i mbliana agus eiseofar ríomhphost fógra ar leith nuair a bheidh na háiseanna seo ar fáil.