Faisnéis táillí scéime bliantúla 2013

Dé Céadaoin 9 Eanáir:  Tá táillí scéime bliantúla le haghaidh scéimeanna pinsean ceirde iníoctha faoin 31 Eanáir 2013 le haghaidh scéimeanna ball aonair agus faoin 31 Márta 2013 le haghaidh grúpscéimeanna. Faoi ‘Doiciméid Ghaolmhara’ féach le do thoil ar an ríomhphost ceangailte a eisíodh inné do láithreoirí cláraithe trí ISIS. Tá faisnéis sa doiciméad seo maidir le conas íocaíochtaí táillí a shocrú do 2013. Más tusa atá freagrach as táillí scéime a íoc léigh an doiciméad seo le do thoil. Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh leis an mBord ag isis@pensionsboard.ie má tá tuilleadh eolais uait.