Cóid Rialachais do Scéimeanna Ranníocaíochta Sainithe (DC).

Inniu, d'fhoilsigh an tÚdarás Pinsean tráinse eile de Chóid Rialachais do Scéimeanna Ranníocaíochta Sainithe (DC). Leagtar amach sna cóid rialachais na caighdeáin a mbeifear ag súil go nglacfaidh iontaobhaithe leo chun a dtiomantas do fhreastal ar leasanna na mball agus na dtairbhithe a léiriú.

Baineann na cóid is déanaí le:

  • Cód 7: Taifid a choinneáil
  • Cód 8: Cosaint sonraí
  • Cód 9: Bainistíocht riosca

Is iad seo a leanas na cóid a foilsíodh roimhe seo: plean gníomhaíochta rialachais, cruinnithe iontaobhaithe, coinbhleachtaí leasa a bhainistiú, bailiú agus íocaíocht ranníocaíochtaí, sócmhainní scéime a infheistiú agus sochair a íoc. Foilseofar cóid bhreise níos déanaí sa bhliain.

Tá na cóid DC ar fáil faoin Rannóg 'Naisc Ghaolmhara'.