Ardoifigeach Feidhmiúcháin – Aturnae/Abhcóide

Dé Luain, Iúil 1 2019: Tá an tÚdarás Pinsean ag iarraidh aturnae nó abhcóide a earcú chun ranníoc le soláthar seirbhísí dlí san Údarás Pinsean. Beidh an post buan seo ag grád an Ardoifigigh Fheidhmiúcháin agus tuairisceoidh sé do Phríomhoide Cúnta san Aonad Dlí.

Ní mór don iarrthóir rathúil, i measc riachtanais eile, a bheith glactha agus cláraithe mar aturnae nó abhcóide sa Stát agus ar a laghad céim 2.1 sa dlí (nó a choibhéis) a bheith aige chomh maith le heolas láidir oibre ar dhlí riaracháin agus/nó rialála na hÉireann.

Is é an spriocdháta d'iarratais 12 meán lae Dé Luain, 19 Lúnasa 2019.

Tá tuilleadh eolais maidir le riachtanais an róil agus an próiseas iarratais le fáil sa leabhrán eolais d’iarrthóirí atá ar fáil sa mhír Comhad(Comhaid) Gaolmhara thíos.