Faisnéis maidir le grúpscéimeanna a aistrítear chuig máistir-iontaobhas nó CCSP
6 Deireadh Fómhair 2022: Inniu, foilsíonn an tÚdarás Pinsean faisnéis d’iontaobhaithe maidir le tuarascálacha bliantúla iontaobhaithe agus cuntais iniúchta do ghrúpscéimeanna a bhfuil níos lú ná 100 ball gníomhach agus iarchurtha ag aistriú chuig máistir-iontaobhas nó CCSP.
Tuarascáil bhliantúil iontaobhaithe agus cuntais iniúchta
Sa chás go bhfuil gealltanas foirmiúil tugtha ag iontaobhaithe grúpscéim le níos lú ná 100 ball gníomhach agus iarchurtha an scéim a fhoirceannadh agus sócmhainní na scéime a aistriú chuig máistir-iontaobhas nó CCSP, ní bheidh an tÚdarás ag súil go n-ullmhóidh na hiontaobhaithe tuarascáil bhliantúil iomlán iontaobhaithe agus cuntais iniúchta ar choinníoll:
- tá gealltanas foirmiúil tugtha ag na hiontaobhaithe roimh an 1 Eanáir 2023 chun an scéim a fhoirceannadh agus tá an scéim á foirceannadh tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023, agus
- ullmhaítear tuarascáil bhliantúil mhalartach deiridh nó cuirtear fógra chuig an Údarás de réir Airteagal 16 de na Rialacháin um Scéimeanna Pinsin Ghairme (Nochtadh Faisnéise), 2006 agus déantar tuarascáil ina bhfuil an fhaisnéis a shonraítear i Sceideal G de na rialacháin sin a sholáthar de réir le hAirteagal 16(3)(b).
Bheadh treoir i scríbhinn ón bhfostóir do na hiontaobhaithe chun an scéim a fhoirceannadh nó fógra ó na hiontaobhaithe do na comhaltaí á gcur in iúl dóibh go bhfuil sé ar intinn acu an scéim a fhoirceannadh i gceist le gealltanas foirmiúil scéim a fhoirceannadh.
Deireadh
Nuacht trí sheirbhís foláirimh ríomhphoist
Féadfaidh tú clárú saor in aisce ar shuíomh Gréasáin an Údaráis chun foláireamh ríomhphoist a fháil am ar bith a fhoilsíonn an tÚdarás faisnéis ar a shuíomh Gréasáin.
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
Aonad Teicniúil
An tÚdarás Pinsean
Teil: (01) 613 1900
info@pensionsauthority.ie