Cuireadh – Comhairliúchán ar thodhchaí pinsin RS
Tá sraith cruinnithe poiblí á reáchtáil ag an mBord Pinsean chun na saincheisteanna atá sa pháipéar comhairliúcháin a foilsíodh le déanaí ar thodhchaí pinsin le ranníocaíochtaí sainithe a phlé. Is féidir teacht ar an doiciméad comhairliúcháin anseo.
Is dócha gur ranníocaíocht shainithe den chuid is mó a bheidh i soláthar pinsin cheirde in Éirinn amach anseo. Beidh na haschuir ón bpróiseas comhairliúcháin seo ina gcuid thábhachtach in athbhreithniú an Bhoird ar sholáthar ranníocaíochta sainithe a d’fhéadfadh moltaí le haghaidh athrú reachtaíochta a bheith mar thoradh ar deireadh thiar.
Deis iontach a bheidh sna cruinnithe poiblí seo d’iontaobhaithe, do chomhaltaí scéime, do sholáthraithe, do bhainisteoirí, do chomhairleoirí agus do pháirtithe leasmhara eile a dtuairimí a nochtadh agus na roghanna eile a chloisteáil maidir le conas a d’fhéadfadh agus ar cheart do scéimeanna ranníocaíochta sainithe sa todhchaí.
Seo a leanas sonraí na gcruinnithe poiblí:
Dé Luain 30 Meán Fómhair 8.00rn go 12.40in – Óstán an Marker, Baile Átha Cliath 2
I measc na gcainteoirí tá:
Brendan Kennedy, Príomhfheidhmeannach, An Bord Pinsean
Fergal O'Leary, Stiúrthóir Taighde agus Beartas, Feasacht Phoiblí agus Oideachas Airgeadais, An Ghníomhaireacht Náisiúnta Tomhaltóirí
James Kavanagh, Cathaoirleach Coiste DC an IAPF
Paul Kenny, Fear an Phobail um Pinsin
Déardaoin 3 Deireadh Fómhair 1.30pm go 5.40pm – Óstán an Imperial, Corcaigh
I measc na gcainteoirí tá:
Brendan Kennedy, Príomhfheidhmeannach, An Bord Pinsean
Karen O'Leary, Príomhfheidhmeannach, An Ghníomhaireacht Náisiúnta Tomhaltóirí
James Kavanagh Cathaoirleach Coiste DC IAPF
Paul Kenny, Fear an Phobail um Pinsin
Tá amchlár don dá imeacht le fáil faoi dhoiciméid ghaolmhara ar bharr an leathanaigh seo ar dheis.
Seisiúin miondealaithe
Chun plé críochnúil a éascú ar na saincheisteanna a ardaíodh sa chomhairliúchán, reáchtálfar seisiúin ar leithligh le linn an dá chruinniú ina ndéanfar machnamh breise ar na nithe seo a leanas:
- Iontaobhas agus Rialáil
- Infheistíocht
- Nochtadh/Faisnéis
- Luach ar airgead.
Áirithintí:
Chun d’áit a chur in áirithe ag an imeacht i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh, le do thoil, comhlánaigh an fhoirm áirithinte, atá le fáil faoi dhoiciméid ghaolmhara ar bharr an leathanaigh seo, agus seol an fhoirm ar ríomhphost chuig mbroderick@pensionsboard.ie.
Le haghaidh áirithintí iolracha tabhair na sonraí seo maidir le gach duine a bhfuil áit á cur in áirithe dó.
Ba chóir duit freisin d’ord tosaíochta do na seisiúin díospóireachta ar leithligh a chur in iúl ar an bhfoirm. Murar féidir freastal ar do chéad nó dara rogha mar gheall ar uimhreacha áirithinte, tabharfaimid chuig seisiún eile tú. Ba cheart áirithintí a dhéanamh chomh luath agus is féidir.
Críoch.