Cuireadh – Fóram Comhairliúcháin Poiblí 2014 ar Threoirlínte Bainistíochta Airgeadais do scéimeanna SS
Tá Fóram Comhairliúcháin Poiblí ar Threoirlínte Bainistíochta Airgeadais do scéimeanna sochair shainithe á reáchtáil ag an Údarás Pinsean. Beidh an fóram ábhartha d’iontaobhaithe, baill scéime, soláthraithe, bainisteoirí, comhairleoirí agus páirtithe leasmhara eile.
Is iad seo a leanas na sonraí don fhóram poiblí:
ionad: Óstán an Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2
Dáta: Dé Céadaoin 10 Meán Fómhair 2014 – (9.00 go 11.00rn)
Am: Clárú 8.30 go 9.00rn – Tosaíonn an Fóram ag 9.00rn
cainteoirí: Brendan Kennedy, Rialtóir Pinsean, An tÚdarás Pinsean
Pat O'Sullivan, Ceann Seirbhísí Maoinithe agus Achtúireacha, An tÚdarás Pinsean
Tar éis an dá chur i láthair beidh seisiún oscailte ceisteanna agus freagraí ann.
Próiseas Comhairliúcháin:
Ar Dé Céadaoin 23 Iúil 2014 d’fhoilsigh an tÚdarás Pinsean dréacht-treoirlínte ar bhainistíocht airgeadais scéimeanna sochair shainithe agus d’fhógair sé tréimhse chomhairliúcháin go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair 2014. Leagtar amach sna treoirlínte na cleachtais a bhfuil an tÚdarás ag súil le hiontaobhaithe a leanúint chun an maoiniú a thuiscint agus a bhainistiú. agus infheistiú a scéime sochair shainithe. Lorgaíonn an tÚdarás freagraí ó iontaobhaithe, soláthraithe, bainisteoirí, comhairleoirí agus páirtithe leasmhara eile ar spéis leo gach gné de na treoirlínte. Tá foirm curtha ar fáil ag an Údarás le haghaidh gach freagra a bheidh le cur isteach roimh spriocdháta an phróisis chomhairliúcháin, Dé Máirt 30 Meán Fómhair 2014.
Tá na treoirlínte agus an fhoirm aighneachta freagartha suite faoi 'Doiciméid Ghaolmhara'.
Áirithintí:
Chun d’áit a chur in áirithe ag an imeacht, comhlánaigh an fhoirm áirithinte atá le fáil faoi ‘Doiciméid Ghaolmhara’ agus seol ríomhphost chuig amoloney@pensionsauthority.ie by Déardaoin, Meán Fómhair 4 2014. Le haghaidh áirithintí iolracha tabhair na sonraí seo maidir le gach duine a bhfuil áit á cur in áirithe dó.