Cuireadh: Fóram Comhairliúcháin um Athchóiriú Pinsean
An tÚdarás Pinsean
Cuireadh: Fóram Comhairliúcháin um Athchóiriú Pinsean
15 Meán Fómhair 2016 ag 9.00r.n
(Clárú ó 8.00r.n.)
Óstán Ballsbridge, Bóthar Pembroke, Baile Átha Cliath 4
D’fhoilsigh an tÚdarás Pinsean páipéar comhairliúcháin an 18 Iúil 2016 ina raibh a thograí maidir le pinsin fhorlíontacha maoinithe phríobháidigh a athchóiriú agus a shimpliú.
Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin tá an tÚdarás ag óstáil fóram poiblí chun seisiún ceisteanna agus freagraí a éascú roimh an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí scríofa, 3 Deireadh Fómhair 2016.
Beidh an fóram seo ábhartha d’iontaobhaithe, riarthóirí cláraithe, soláthraithe, fostóirí, comhairleoirí agus gach duine a bhfuil suim acu in athchóiriú pinsean.
Tíolacfaidh an tÚdarás forbhreathnú ardleibhéil ar a thograí athchóirithe pinsean agus tabharfaidh sé cuireadh do lucht freastail tuairimí a roinnt agus ceisteanna a chur ar na moltaí.
Clár an Fhóraim Chomhairliúcháin
09.00am Óráid fáilte agus a chuid cainte tosaigh David Begg, Cathaoirleach, Údarás na bPinsean
09.10am Príomh-sheoladh
Leo Varadkar TD, an tAire Coimirce Sóisialaí
09.30am Cúlra le hathchóiriú pinsean
Brendan Kennedy, Rialtóir Pinsean, An tÚdarás Pinsean
9.45am Forbhreathnú ar thograí athchóirithe
Grace Guy, Ceannasaí Dlí, an tÚdarás Pinsean
10.00am Fóram ceisteanna agus freagraí le:
- Brendan Kennedy, Rialtóir Pinsean, An tÚdarás Pinsean
- Mary Hutch, Ceann Polasaí, An tÚdarás Pinsean
- Grace Guy, Ceannasaí Dlí, an tÚdarás Pinsean
11.00am Críochnaíonn an comhairliúchán
(thart)
Cuir d'áit in áirithe:
Chun d’áit a chur in áirithe ag an bhfóram comhlánaigh le do thoil an fhoirm áirithinte atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Údaráis agus seol ríomhphost chuig events@pensionsauthority.ie ag COBÁC. Dé hAoine 2 Meán Fómhair 2016. Le haghaidh áirithintí iolracha tabhair sonraí ar leith maidir le gach duine a bhfuil áit á cur in áirithe dóibh.