Cuireadh chun aighneacht a dhéanamh chuig comhairliúchán poiblí an ghrúpa athchóirithe pinsean agus cánachais idir-rannach
Dé Céadaoin 12 Iúil 2018: Mar a fhoráiltear sa Treochlár um Athchóiriú Pinsean 2018 – 2023, tá an Grúpa Idir-Rannach um Athchóiriú agus Cánachas ar Phinsin (IDPRTG) ag tabhairt faoi athbhreithniú ar roinnt cúrsaí beartais pinsean chun eolas a thabhairt do bheartas an Rialtais sna réimsí seo. Tá an IDPRTG comhdhéanta d’ionadaithe ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ó na Coimisinéirí Ioncaim, ón Údarás Pinsean agus ón Roinn Airgeadais.
Conas aighneacht a dhéanamh
Leagtar amach i bPáipéar Comhairliúcháin Athchóirithe Pinsean an IDPRTG sonraí an phróisis chomhairliúcháin féin, conas aighneacht a dhéanamh, agus ceanglais um Shaoráil Faisnéise. Is féidir teacht ar an bPáipéar ar shuíomh Gréasáin na Roinne Airgeadais, anseo. Tugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh faoi 5pm Dé hAoine 19 Deireadh Fómhair 2018.
[CRÍOCH]
Nóta d'Eagarthóirí
Is é an tÚdarás Pinsean an comhlacht reachtúil a bhunaítear le hAcht na bPinsean chun scéimeanna pinsean ceirde, RACanna iontaobhais agus Cuntais Choigiltis Scoir Pearsanta a rialú agus chun comhairle a chur ar an Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí maidir le forbairt polasaí pinsin foriomlán. Féach www.pensionsauthority.ie