Seimineáir um Chaighdeán Maoinithe an Bhoird Phinsin Meitheamh 2012
“Tionchar na n-athruithe reachtaíochta ar mhaoiniú na scéime pinsin le sochar sainithe”
Déardaoin 7 Meitheamh 2012: Tá an Bord Pinsean ag óstáil sraith seimineár faisnéise pinsin chun athruithe le déanaí ar na rialacha caighdeánacha maoinithe do scéimeanna pinsin le sochar sainithe a mhíniú.
Leagtar amach sna rialacha nua conas a chaithfidh scéimeanna sochair shainithe a n-oibleagáidí maoinithe a chomhlíonadh agus na céimeanna nach mór dóibh a ghlacadh mura ndéanann siad. D'fhógair an Bord Pinsean freisin na spriocdhátaí faoina gcaithfidh iontaobhaithe tograí maoinithe a chur faoi bhráid an Bhoird chun déileáil le heasnaimh scéime.
Míneoidh na seimineáir tionchar na n-athruithe reachtaíochta seo agus pléifear na cinntí a chaithfidh iontaobhaithe scéimeanna tearcmhaoinithe a dhéanamh. Beidh spéis ag iontaobhaithe scéime, fostóirí, ceardchumainn agus páirtithe leasmhara eile sna seimineáir.
I measc na réimsí atá le clúdach tá:
- cur chuige an Bhoird chun déileáil le saincheisteanna maoinithe scéim sochair shainithe
- spriocdhátaí chun tograí maoinithe a chur isteach
- cúlchistí riosca a thabhairt isteach
- blianachtaí ceannasacha agus bannaí ceannasacha
Seimineáir ar Chaighdeán Maoinithe an Bhoird Phinsin Meitheamh 2012 – Ionaid agus Amanna
Baile Átha Cliath, Óstán an Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2
Dé Céadaoin 20 Meitheamh – 10.00rn – 12.00in
Baile Átha Cliath, Óstán an Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2
Dé Céadaoin 20 Meitheamh – 2.00pm – 4pm
Chorcaí, The Imperial Hotel, South Mall, Corcaigh
Déardaoin 21 Meitheamh – 2.00pm – 4pm
Áirithint
Le d’áit a chur in áirithe ag ceann de na seimineáir seol ríomhphost le do thoil info@pensionsboard.ie ag lua cén seimineár ar mhaith leat freastal air.
Le haghaidh áirithintí iolracha tabhair sonraí teagmhála (ainm, eagraíocht, r-phost) le haghaidh gach duine atá á chur in áirithe le bheith i láthair.
Sa chás go bhfuil ró-shuibscríobh seimineáir féachfaidh an Bord le himeachtaí breise a reáchtáil chun éileamh a éascú.
Nóta:
Leanfaidh an Bord ag nuashonrú a shuíomh Gréasáin le treoirlínte, faisnéis agus CCanna ar athruithe pinsin de réir mar a tharlaíonn siad. Is féidir leat foláirimh ríomhphoist a fháil faoi aon athruithe trí chlárú dár seirbhís foláirimh “Nuacht trí ríomhphost” – atá saor in aisce agus ar fáil ar ár suíomh Gréasáin ag www.pensionsboard.ie
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
An Bord Pinsean
Teil: (01) 613 1900