Foláireamh comhlíonta an Údaráis Pinsean: Oiliúint d'Iontaobhaithe
Déardaoin, 12 Aibreán 2018: Ceanglaíonn Acht na bPinsean ('an tAcht') ar iontaobhaithe scéime oiliúint iontaobhaithe ábhartha a chríochnú laistigh de fhrámaí ama sonraithe. Ba cheart go mbeadh iontaobhaithe agus fostóirí ar an eolas faoina n-oibleagáidí maidir le hoiliúint iontaobhaithe. Féadfar fíneáil a ghearradh ar iontaobhaithe agus ar fhostóirí a dteipeann orthu ceanglais oiliúna iontaobhaithe a chomhlíonadh.
Oibleagáidí fostóra
Éilíonn Alt 59AA den Acht ar fhostóirí urraíochta socrú a dhéanamh go bhfaighidh iontaobhaithe scéime oiliúint chuí. Ba cheart go mbainfeadh an oiliúint seo le:
- an tAcht, rialacháin arna ndéanamh faoi agus dlíthe eile is infheidhme maidir le hoibriú na scéime (amhail dlí iontaobhais nó dlí fostaíochta);
- dualgais agus freagrachtaí iontaobhaithe scéime; agus
- cibé dualgais eile a bhaineann le bainistiú na scéime a fhorordaítear.
Ní mór d’fhostóirí oiliúint chuí a shocrú d’iontaobhaithe laistigh de shé mhí óna gceapachán mar iontaobhaí. Sa chás go bhfeidhmíonn cuideachta mar iontaobhaí ar scéim ghairme, ní mór do stiúrthóirí uile na cuideachta oiliúint iontaobhaithe a dhéanamh. Tá ceanglas leanúnach ar iontaobhaithe tabhairt faoi oiliúint bhreise ar a laghad gach dhá bhliain ina dhiaidh sin. Ní cheanglaítear ar fhostóirí oiliúint a shocrú d’iontaobhaithe gairmiúla nó d’iontaobhaithe pinsinéirí ceadaithe na gCoimisinéirí Ioncaim.
Oibleagáidí iontaobhaithe
Chomh maith leis an gceanglas oiliúint iontaobhaithe a dhéanamh laistigh de shé mhí ón gceapachán agus ar a laghad gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, ceanglaítear ar iontaobhaithe freisin a dhearbhú i dtuarascáil bhliantúil na scéime an bhfuil oiliúint iontaobhaithe faighte acu mar a cheanglaítear le hAlt 59AA den Acht. Ina theannta sin, ceanglaítear ar iontaobhaithe a dhearbhú sa tuarascáil bhliantúil cibé ar íocadh aon chostais agus speansais a tabhaíodh maidir le hoiliúint iontaobhaithe as acmhainní na scéime.
Moltar go gcoimeádfadh iontaobhaithe fianaise gur chríochnaigh siad oiliúint iontaobhaithe mar is féidir é seo a lorg ag am ar bith i gcomhthéacs iniúchta an Údaráis Pinsean.
Conas oiliúint iontaobhaithe a shocrú
Tá liosta soláthraithe oiliúna cláraithe ar fáil anseo. Tá cúrsa oiliúna idirghníomhach iontaobhaithe an Údaráis ar fáil saor in aisce ar ár suíomh Gréasáin. Tá doiciméad Ceisteanna Coitianta ar Riachtanais Oiliúna Iontaobhaithe ar shuíomh Gréasáin an Údaráis ar féidir a fháil anseo.
-Agus-
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
David Malone
Ceann Oibríochtaí
An tÚdarás Pinsean
Teil (01) 6131900
Nóta d'Eagarthóirí
An tÚdarás Pinsean
Is é an tÚdarás Pinsean (“an tÚdarás”) an comhlacht reachtúil arna bhunú le hAcht na bPinsean 1990 (“an tAcht”) chun scéimeanna pinsean ceirde, CBSanna iontaobhais agus Cuntais Choigiltis Scoir Pearsanta (CCSP) a rialáil agus chun comhairle a thabhairt don Aire Gnóthaí Fostaíochta. agus Coimirce Sóisialach maidir le forbairt polasaí pinsin foriomlán. Féach www.pensionsauthority.ie
Faoin Acht, tá sé de chumhacht ag an Údarás imscrúduithe a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe an Achta agus a chinntiú go gcomhlíonann iontaobhaithe, fostóirí, riarthóirí pinsin agus a gcomhairleoirí a n-oibleagáidí i leith fostaithe reatha agus iarfhostaithe maidir lena ranníocaíochtaí pinsin agus sochair.