Foilsíonn an tÚdarás Pinsean Tuarascáil Torthaí an Chláir Rannpháirtíochta 2021
14 Nollaig 2021: Inniu, foilsíonn an tÚdarás Pinsean a Thuarascáil ar Thorthaí an Chláir Rannpháirtíochta don bhliain 2021.
Is é cuspóir na tuarascála tuairimí a roinnt ar na príomhthorthaí a aithníodh le linn chlár rannpháirtíochta 2021 an Údaráis. Leagann sé béim ar go leor téamaí coitianta a tháinig chun cinn thar gach cineál scéime, agus leagann sé amach freisin roinnt saincheisteanna sonracha DB agus MT. Cé nach bhfuil sonraí na dtorthaí atá leagtha amach uileghabhálach, tá an tÚdarás ag súil go mbreithneoidh gach bord iontaobhaithe agus a gcomhairleoirí na torthaí seo agus go ndéanfaidh siad meastóireacht ar a gcleachtais féin le fáil amach an bhfuil aon fheabhsúcháin ag teastáil.
Tá an tuarascáil ar fáil faoi Chomhad(Comhaid) Ghaolmhara thíos.
Nuacht trí sheirbhís foláirimh ríomhphoist
Féadfaidh tú clárú saor in aisce ar shuíomh Gréasáin an Údaráis chun foláireamh ríomhphoist a fháil am ar bith a fhoilsíonn an tÚdarás faisnéis ar a shuíomh Gréasáin.
-Agus-
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
Aonad Teicniúil
An tÚdarás Pinsean
Teil: 01 613 1900
info@pensionsauthority.ie
Nóta d'Eagarthóirí
Is é an tÚdarás Pinsean an comhlacht reachtúil a dhéanann maoirsiú ar chomhlíonadh cheanglais Acht na bPinsean, 1990, arna leasú, ag iontaobhaithe scéimeanna pinsean gairme agus CBS iontaobhais, soláthraithe CCSP, riarthóirí cláraithe agus fostóirí. Soláthraíonn an tÚdarás Pinsean treoir agus faisnéis freisin do na páirtithe leasmhara seo maidir lena ndualgais agus a bhfreagrachtaí agus cuireann sé comhairle ar an Aire Coimirce Sóisialaí ar chúrsaí pinsin. Féach: www.pensionsauthority.ie