Fóram Comhairliúcháin um Athchóiriú Pinsean

Cuireadh

Fóram Comhairliúcháin um Athchóiriú Pinsean

15 Meán Fómhair 2016 ag 9.00r.n

(Clárú ó 8.00r.n.)

Óstán Ballsbridge, Bóthar Pembroke, Baile Átha Cliath 4

D’fhoilsigh an tÚdarás Pinsean páipéar comhairliúcháin an 18 Iúil 2016 ina raibh a thograí maidir le pinsin fhorlíontacha maoinithe phríobháidigh a athchóiriú agus a shimpliú.

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin tá an tÚdarás ag óstáil fóram poiblí chun seisiún ceisteanna agus freagraí a éascú roimh an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí scríofa, 3 Deireadh Fómhair 2016.

Beidh an fóram seo ábhartha d’iontaobhaithe, riarthóirí cláraithe, soláthraithe, fostóirí, comhairleoirí agus gach duine a bhfuil suim acu in athchóiriú pinsean.

Tíolacfaidh an tÚdarás forbhreathnú ardleibhéil ar a thograí athchóirithe pinsean agus tabharfaidh sé cuireadh do lucht freastail tuairimí a roinnt agus ceisteanna a chur ar na moltaí.

Clár an Fhóraim Chomhairliúcháin

09.00am    Seoladh fáilte agus nótaí tosaigh   David Begg, Cathaoirleach, An tÚdarás Pinsean

09.10am    Príomh-sheoladh   Leo Varadkar TD, an tAire Coimirce Sóisialaí

09.30am    Cúlra le hathchóiriú pinsean     Brendan Kennedy, Rialtóir Pinsean, An tÚdarás Pinsean

09.45am    Forbhreathnú ar thograí athchóirithe    Grace Guy, Ceannasaí Dlí, an tÚdarás Pinsean

10.00am   Fóram ceisteanna agus freagraí le:

  • Brendan Kennedy, Rialtóir Pinsean, An tÚdarás Pinsean
  • Mary Hutch, Ceann Polasaí, An tÚdarás Pinsean
  • Grace Guy, Ceannasaí Dlí, an tÚdarás Pinsean

11.00am   Críochnaíonn an comhairliúchán (thart)

Cuir d'áit in áirithe:

Chun d'áit a chur in áirithe ag an bhfóram comhlánaigh an fhoirm áirithinte atá ar fáil faoi 'Doiciméid Ghaolmhara' agus seol ríomhphost chuig imeachtaí@pensionsauthority.ie ag COBÁC Dé hAoine 9 Meán Fómhair 2016. Le haghaidh áirithintí iolracha tabhair sonraí ar leith maidir le gach duine a bhfuil áit á cur in áirithe dóibh.