Treoir Fhorordaithe maidir le hAlt 34 d’Acht na bPinsean 1990 (Deireadh Fómhair 2016)

Dé Luain 24 Deireadh Fómhair 2016: Tá treoir reachtúil athbhreithnithe eisithe ag an Údarás, arna faomhadh ag an Aire an 21 Meán Fómhair 2016, maidir le halt 34 d’Acht na bPinsean.

Is é an 1 Eanáir 2017 dáta éifeachtach na treorach seo.

Forálann alt 34 den Acht go mbeidh comhalta de scéim pinsean ceirde maoinithe atá i dteideal sochair chaomhnaithe i gcúinsí áirithe i dteideal íocaíochta aistrithe.

Tá an treoir reachtúil athbhreithnithe ar fáil faoi 'Comhad(Comhaid) Ghaolmhara'.

CRÍOCH

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

David Malone
Ceann Oibríochtaí agus Cumarsáide
An tÚdarás Pinsean
Teil: (01) 613 1900

Nóta d'Eagarthóirí

Is é an tÚdarás Pinsean an comhlacht reachtúil a bunaíodh le hAcht na bPinsean, 1990 chun scéimeanna pinsean ceirde, RAC iontaobhais agus Cuntais Choigiltis Scoir Pearsanta (CCSP) a rialú.