Comhairliúchán poiblí ar thodhchaí na bpinsean ranníocaíochta sainithe

Tá sraith cruinnithe poiblí á reáchtáil ag an mBord Pinsean chun na saincheisteanna atá sa pháipéar comhairliúcháin a foilsíodh le déanaí ar thodhchaí pinsin le ranníocaíochtaí sainithe a phlé. Tá an doiciméad comhairliúcháin ar fáil sa rannán Doiciméid Gaolmhara.

Seo a leanas sonraí na gcruinnithe poiblí:

Dé Luain 30 Meán Fómhair 8.00rn go 12.45in – Óstán an Marker, Baile Átha Cliath 2    

Déardaoin 3 Deireadh Fómhair 1.30pm go 5.30pm – Óstán an Imperial, Corcaigh

Bainfidh na cruinnithe seo le hiontaobhaithe, baill scéime, soláthraithe, bainisteoirí, comhairleoirí agus páirtithe leasmhara eile.

Chun plé críochnúil a éascú ar na saincheisteanna a ardaíodh sa chomhairliúchán, reáchtálfar seisiúin ar leithligh le linn na gcruinnithe a bhreithneoidh:

· Iontaobhas agus Rialúchán

· Infheistíocht

· Nochtadh/Faisnéis

· Luach ar airgead

Áirithintí:

Chun d’áit a chur in áirithe ag an imeacht i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh, le do thoil, comhlánaigh an fhoirm áirithinte, atá le fáil faoi dhoiciméid ghaolmhara ar bharr an leathanaigh seo, agus seol an fhoirm ar ríomhphost chuig mbroderick@pensionsboard.ie faoin Aoine 6 Meán Fómhair. Ba chóir duit freisin d’ord tosaíochta do na seisiúin díospóireachta ar leithligh a chur in iúl ar an bhfoirm. Murar féidir freastal ar do chéad nó dara rogha mar gheall ar uimhreacha áirithinte, tabharfaimid chuig seisiún eile tú. Toisc go bhfuil líon teoranta áiteanna ba chóir áirithintí a dhéanamh chomh luath agus is féidir.

Le haghaidh áirithintí iolracha tabhair na sonraí seo maidir le gach duine a bhfuil áit á cur in áirithe dó.