Clár poiblí de scéimeanna pinsean ceirde Eorpacha

3 2014 Eanáir: Tá clár poiblí de scéimeanna pinsean ceirde Eorpacha bunaithe ag an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme (ÚEÁPC). Tá sé seo foilsithe anois ar shuíomh Gréasáin ÚÁPGE:

https://eiopa.europa.eu/publications/register-of-iorps/index.html

Áiríonn an clár seo faisnéis faoi scéimeanna pinsin Éireannacha níos mó.

Faoi dhlí na hEorpa, ceanglaítear ar an mBord Pinsean, cosúil le gach rialtóir pinsean Eorpach eile, faisnéis a sholáthar do ÚÁPGE atá riachtanach le go bhféadfaidh ÚÁPGE a dhualgais a chomhlíonadh lena n-áirítear bunú an chláir phoiblí institiúidí thuas le haghaidh soláthar scoir ceirde. Ciallaíonn sé seo, ón 31 Nollaig 2013, go bhfuil an fhaisnéis seo a leanas ar scéimeanna pinsean ceirde na hÉireann (gan scéimeanna beaga a áireamh – níos lú ná 100 ball gníomhach agus iarchurtha) curtha ar fáil don phobal:

· ainm agus seoladh na scéime
· cibé an bhfeidhmíonn an scéim mar scéim trasteorann.

Ón 31 Nollaig 2014 beidh an t-eolas céanna ar an gclár seo maidir le gach scéim ceirde atá fágtha .i. scéimeanna a bhfuil níos lú ná 100 ball gníomhach agus iarchurtha acu.