An tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean (Uimh. 2) 2013 – Nóta Faisnéise

9 Eanáir 2014: Tháinig an tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean (Uimh. 2) 2013 (“Acht 2013”) i bhfeidhm an 25 Nollaig 2013. Tugann sé isteach dhá ordú tosaíochta foirceanta nua agus leathnaítear an cineál laghduithe sochair a fhéadfaidh an Bord a ordú faoi alt 50. d’Acht na bPinsean 1990 .

Tá nóta faisnéise curtha le chéile ag an mBord atá ar fáil faoin rannán 'Doiciméid Ghaolmhara'.

Soláthraíonn an nóta faisnéise seo eolas ginearálta ar na hathruithe a tugadh isteach le hAcht 2013 ar Acht na bPinsean 1990. Tá sé beartaithe cabhrú le hiontaobhaithe agus le baill scéime. Tá sé mar aidhm aige achoimre a dhéanamh ar phointí casta agus teicniúla na reachtaíochta pinsin agus níor cheart glacadh leo mar chomhairle dhlíthiúil nó mar léirmhíniú. Tá sé de fhreagracht ar iontaobhaithe a chinntiú go gcomhlíonann siad a ndualgais reachtúla.