Ráiteas Straitéise 2022 – 2024

07 Márta 2022: Inniu, d’fhoilsigh an tÚdarás Pinsean a Ráiteas Straitéise 2022 – 2024. Agus an straitéis á sheoladh aige, dúirt an Rialtóir Pinsean, Brendan Kennedy, “Is é an ról is tábhachtaí atá ag an Údarás ná maoirsiú iontaobhaithe scéime agus CCSP. Leagann an straitéis seo amach conas atá sé beartaithe againn tabhairt faoinár gcuid oibre sna trí bliana amach romhainn. Léiríonn trasuíomh na Treorach IORP II isteach i ndlí pinsean na hÉireann athrú suntasach do phinsin na hÉireann agus don Údarás. Tá na hoibleagáidí ar iontaobhaithe scéime i bhfad níos déine agus níos casta ná mar a bhí siad roimhe seo. Mar thoradh air sin, tá obair an Údaráis tar éis éirí níos dúshlánaí agus níos fairsinge. Ceanglaíonn an reachtaíocht orainn maoirsiú a dhéanamh ar scéimeanna ar bhonn maoirseachta rioscabhunaithe atá ag breathnú chun cinn, as a dtiocfaidh maoirsiú níos dúshlánaí, bunaithe ar bhreithiúnas agus níos ionsáite. Chomh maith lenár bhfreagrachtaí maoirseachta, beifear ag súil go soláthróidh an tÚdarás i bhfad níos mó faisnéise agus treorach ná mar a bhí roimhe seo agus go léireoidh sé cad a bhfuiltear ag súil leis ó eintitis rialaithe.”

Tá an Ráiteas ar fáil ar an leathanach seo faoi Comhaid Ghaolmhara.