Foilsíonn an tÚdarás Pinsean staitisticí do scéimeanna sochair shainithe
29 Iúil 2022: Inniu, foilsíonn an tÚdarás Pinsean sraith staitisticí do scéimeanna sochair shainithe (DB) atá tiomsaithe ó anailís ar na Tuairisceáin Sonraí Achtúireacha Bliantúla (AADRanna) is déanaí a fuarthas le haghaidh scéimeanna ábhartha faoin 31 Márta i mbliana.
I measc cuid de na torthaí tá:
- Ba é líon na scéimeanna SS 'leanúnacha' a bhí faoi réir an chaighdeáin mhaoinithe ná 526 amhail ar 31 Márta, laghdú 6% ón mbliain roimhe sin.
- Bhí luach €73.7 billiún ar shócmhainní iomlána ar dháta AADR deiridh na scéimeanna.
- B'ionann dliteanais chaighdeánacha maoinithe agus €65.0 billiún san iomlán lena n-áirítear an cúlchiste caighdeánach maoinithe.
- Chomhlíon 89% de scéimeanna leanúnacha SS an caighdeán maoinithe dá bhforáiltear in Acht na bPinsean, 1990, arna leasú.
Tá an tuarascáil ar fáil sa chuid Comhad(í) Gaolmhara den leathanach seo.
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
Aonad Teicniúil
An tÚdarás Pinsean
Teil: 01 613 1900
info@pensionsauthority.ie