Foilsíonn an Bord Pinsean páipéar comhairliúcháin ar thodhchaí pinsin le ranníocaíochtaí sainithe

Dé Máirt 13 Lúnasa 2013: Inniu, d’fhoilsigh an Bord Pinsean páipéar comhairliúcháin ar phinsin ranníocaíochtaí sainithe mar chuid d’athbhreithniú ar rialáil agus ar struchtúr an tsoláthair RS sa todhchaí. Déantar é seo d'fhonn tacú le scéimeanna DC chun torthaí maithe a sholáthar do chomhaltaí. Mairfidh an tréimhse chomhairliúcháin ón lá inniu go dtí an 30 Deireadh Fómhair 2013.

Leagtar amach sa pháipéar, ar féidir teacht air faoi ‘Doiciméid Ghaolmhara’, forbhreathnú ar an gcóras DC reatha, lena n-áirítear dearcadh an Bhoird ar roinnt fadhbanna suntasacha laistigh den chóras. Tá breac-chuntas ann freisin ar fhís an Bhoird maidir le rialáil an tsoláthair pinsin RS sa todhchaí agus leagann sé amach ceisteanna sonracha a bhfuil an Bord ag lorg freagra orthu.

Agus é ag tagairt d’fhoilsiú an pháipéir chomhairliúcháin, dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Bhoird Pinsean, an tUasal Brendan Kennedy “Is dócha gur ranníocaíocht shainithe den chuid is mó a bheidh i soláthar pinsean ceirde in Éirinn amach anseo. Beidh na haschuir ón gcomhairliúchán seo ina gcuid thábhachtach in athbhreithniú an Bhoird ar sholáthar DC a d’fhéadfadh moltaí le haghaidh athrú reachtaíochta a bheith mar thoradh ar deireadh thiar. Ba mhaith leis an mBord cloisteáil ó iontaobhaithe, ó sholáthraithe, ó bhainisteoirí, ó chomhairleoirí agus ó pháirtithe leasmhara eile ar na réimsí atá clúdaithe sa doiciméad comhairliúcháin faoin gCéadaoin 30 Deireadh Fómhair 2013.”

Reáchtálfar fóram poiblí chun na saincheisteanna a ardaíodh sa phróiseas comhairliúcháin a phlé le linn na tréimhse comhairliúcháin agus fógrófar sonraí fúthu níos déanaí. 

CRÍOCH

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

David Malone
Ceann Oibríochtaí
An Bord Pinsean
Teil: (01) 6131900

Nóta d'Eagarthóirí

Is é an Bord Pinsean an comhlacht reachtúil a bunaíodh le hAcht na bPinsean, 1990 chun scéimeanna pinsean ceirde, CBS iontaobhais agus Cuntais Choigiltis Scoir Pearsanta (CCSP) a rialáil. www.pensionsboard.ie