Foilsíonn an Bord Pinsean Páipéar Achoimre Comhairliúcháin DC

Déardaoin 6 Feabhra 2014: Inniu, d’fhoilsigh an Bord Pinsean achoimre ar na príomhphointí a rinneadh in aighneachtaí a fuair sé mar fhreagra ar a pháipéar comhairliúcháin ar struchtúr agus ar rialáil pinsean ranníocaíochta sainithe (DC) amach anseo. Is féidir teacht ar an achoimre ar líne ag www.pensionsboard.ie

Le linn na tréimhse comhairliúcháin a mhair ó Lúnasa go Deireadh Fómhair 2013, bhí cruinnithe poiblí ag an mBord i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh chun na hábhair a ardaíodh sa pháipéar comhairliúcháin a phlé. Bhí freastal an-mhaith ar na cruinnithe agus ina dhiaidh sin tháinig 44 aighneacht scríofa chuig an mBord ar tháinig 6 cinn acu ó dhaoine aonair agus 38 ó eagraíochtaí/scéimeanna.

Agus é ag tagairt don phróiseas comhairliúcháin, dúirt Príomhfheidhmeannach an Bhoird Pinsean, an tUasal Brendan Kennedy: “Tá an Bord spreagtha ag an leibhéal rannpháirtíochta lena chomhairliúchán ar thodhchaí na bpinsean RS, go háirithe agus soláthar pinsean ceirde in Éirinn amach anseo. is dócha gur DC den chuid is mó. Cé nach bhfuil aon chonclúidí bainte amach ag an bpointe seo, fáiltíonn an Bord roimh na haighneachtaí go léir a fuarthas, a chabhróidh lenár bplé don chéad chéim eile den phróiseas agus muid ag socrú cén cruth a bheidh ar DC sa todhchaí”.

Leanfaidh an Bord ag déanamh anailíse ar na haighneachtaí agus in am trátha ullmhóidh sé tuarascáil don Aire Coimirce Sóisialaí in éineacht lena mholtaí.

-Agus-

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:

David Malone
Teil: (01) 613 1900/087 6857743
Ceann Oibríochtaí
An Bord Pinsean

Nótaí:

An Bord Pinsean

Is é an Bord Pinsean an comhlacht reachtúil a bunaíodh le hAcht na bPinsean 1990 chun scéimeanna pinsean ceirde, RACanna bunaithe ar iontaobhas agus Cuntais Choigiltis Scoir Phearsanta (CCSP) a rialú agus chun comhairle a chur ar an Aire Coimirce Sóisialaí maidir le forbairt polasaí pinsin foriomlán. Féach www.pensionsboard.ie