Foilsíonn an Bord Pinsean treoirlínte infheistíochta d’iontaobhaithe scéimeanna pinsin le ranníocaíochtaí sainithe
21 2013 Eanáir: D’fhoilsigh an Bord Pinsean treoirlínte infheistíochta inniu d’iontaobhaithe scéimeanna pinsin le ranníocaíochtaí sainithe. Tá sé mar aidhm ag na treoirlínte seo cabhrú le hiontaobhaithe cinneadh a dhéanamh ar na roghanna infheistíochta a chuirfear ar fáil do chomhaltaí scéime.
Ag labhairt dó ar na treoirlínte, dúirt Príomhfheidhmeannach an Bhoird Pinsean, Brendan Kennedy “Ciallaíonn an t-aistriú leanúnach ó phinsin shochair shainithe go pinsin le ranníocaíochtaí sainithe go mbeidh líon méadaithe de chomhaltaí scéime pinsin ag brath ar shocruithe ranníocaíochta sainithe chun a gcuid sochar scoir a sholáthar sa todhchaí. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil na roghanna infheistíochta atá ar fáil trí na scéimeanna seo oiriúnach agus deartha go maith agus go mbeadh tuiscint shoiléir ag comhaltaí ar na rioscaí atá rompu. Tá cinneadh ar roghanna infheistíochta a chuirfear ar fáil do chomhaltaí scéime ar cheann de na freagrachtaí is tábhachtaí a bhíonn ar iontaobhaithe agus iad ag maoirsiú scéimeanna pinsin agus cabhróidh na treoirlínte seo leis seo.
An Treoirlínte Infheistíochta ar fáil ag www.pensionsboard.ie
-Agus-
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
David Malone
Teil:(01) 613 1900/087 6857743
Ceann Oibríochtaí
An Bord Pinsean
Nótaí:
An Bord Pinsean
Is é an Bord Pinsean an comhlacht reachtúil a bunaíodh le hAcht na bPinsean 1990 chun scéimeanna pinsean ceirde, RAC iontaobhais agus Cuntais Choigiltis Scoir Pearsanta (CCSP) a rialú agus chun comhairle a chur ar an Aire Coimirce Sóisialaí maidir le forbairt polasaí pinsin foriomlán. Féach www.pensionsboard.ie