An Bord Pinsean le bheith rannpháirteach sna Seimineáir Ag Tabhairt Aire do Ghnó 2014
3 Feabhra 2014: Seimineáir, dírithe ar úinéirí/bainisteoirí gnólachtaí beaga nó aon duine atá ag smaoineamh ar ghnó nua a thosú, le reáchtáil i Márta agus Aibreán 2014.
Beidh sraith imeachtaí ilfhreastail ‘Ag Tabhairt Aire do Ghnó’ saor in aisce do FBManna ar siúl ar fud na tíre in earrach 2014; tá na himeachtaí leathlae seo ann dóibh siúd a bhfuil gnó beag ina n-úinéir nó á bhainistiú acu nó atá ag smaoineamh ar ghnó nua a thosú.
Tabharfaidh raon oifigí agus gníomhaireachtaí Stáit cur i láthair gearr agus freagróidh siad ceisteanna faoin gcúnamh atá ar fáil do do ghnó agus príomhrialacháin. Áireofar ar na réimsí a chlúdófar:
· Tacaíochtaí ó ghníomhaireachtaí fiontair agus Údaráis Áitiúla;
· Rochtain ar chláir Airgeadais;
· Oibleagáidí cánach, fostaíochta agus Sláinte & Sábháilteachta;
· Ceanglais dhlíthiúla chun do ghnó a bhunú agus a rith.
Beidh na himeachtaí ar siúl i:
· Luimneach Dé Máirt 11 Márta in Óstán an Strand;
· Gaillimh Dé Máirt 25 Márta in Óstán an Radisson Blu;
· Corcaigh Dé Máirt 1 Aibreán in Óstán Silver Springs Moran.
Osclóidh Aire Rialtais gach imeacht agus beidh meascán d’fhigiúirí áitiúla agus náisiúnta ó lucht gnó mar chathaoirleach ar na seisiúin cur i láthair. Beidh seastáin eolais ar oscailt i rith an ama, a ligfidh duit labhairt go neamhfhoirmiúil le baill foirne ó gach ceann de na comhlachtaí a bheidh i láthair.
Tógann an seó bóthair ‘Ag Tabhairt Aire do Ghnó’ seo ar imeacht píolótach ar fhreastail breis is 500 duine air i mí Dheireadh Fómhair 2013 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath; Bhí an t-aiseolas ón lucht freastail thar a bheith dearfach agus eagrú imeachtaí réigiúnacha ar an moladh is minice d’imeachtaí amach anseo.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí seo agus chun clárú, tabhair cuairt le do thoil www.takingcareofbusiness.ie. Tá tinreamh saor in aisce ach moltar go láidir áirithint a dhéanamh go luath mar go bhfuil líon teoranta.
Nóta don eagarthóir
Is iad seo a leanas oifig an Stáit agus na gníomhaireachtaí a mbeidh ionadaíocht acu ag an imeacht:
· Boird Fiontar Contae agus Cathrach: Bord Fiontar Cathrach Luimnigh / Bord Fiontar Contae Ros Comáin / Bord Fiontair Chorcaí Theas
· Na Coimisinéirí Ioncaim
· Fiontraíocht Éireann
· An tÚdarás Iomaíochta
· An Oifig um Chlárú Cuideachtaí
· An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
· Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann
· An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta
· Oifig Athbhreithnithe Creidmheasa
· Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach
· An tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta
· An Oifig um Sholáthar Rialtais
· An Roinn Coimirce Sóisialaí / Intreo
· An Coimisinéir Cosanta Sonraí
· An tÚdarás Comhionannais
· An tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann
· Micrea-airgeadas Éireann
· Údaráis Áitiúla: Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh / Comhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe / Comhairlí Cathrach agus Contae Chorcaí
· SOLVIT (líonra réiteach fadhbanna neamhfhoirmiúil do shaoránaigh agus gnólachtaí an AE)
· An Líonra Fiontar Eorpach
· Oifig na bPaitinní
· An Bord Pinsean
· An Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta
· Rochtain ar Airgeadas
Agus raon de Chláir Scileanna Rialtais
Freastalóidh Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn ar na himeachtaí freisin. Tacaíonn SFA, Chambers Ireland, ISME, RGData, ACCA agus Cumann Crua-earraí na hÉireann le ‘Taking Care of Business’.