Soláthróirí PRSA
Déanann an tÚdarás maoirseacht ar ghníomhaíochtaí na soláthraithe i dtaobh a scéimeanna ceadaithe agus déanann monatóireacht ar chomhlíonadh na reachtaíochta maidir le PRSAnna. Cuireann sé eolas agus treoir ar fáil do sholáthraithe PRSA chomh maith maidir leis na scéimeanna ceadaithe PRSA atá acu.
Próiseas iarratais ar tháirge PRSA
Ní mór do sholáthraithe nua féideartha PRSA bualadh leis an Údarás roimh dóibh iarratas a chur isteach chun cead a fháil do tháirge PRSA. Ní mór “Iarratas PRSA - soláthraithe nua" a chur isteach ansin chuig an Údarás agus chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
Maidir le soláthraithe PRSA atá ann cheana ar mhian leo táirgí breise PRSA a chur ar fáil, ba cheart dóibh “Iarratas PRSA - táirgí breise” a chur isteach chuig an Údarás agus chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
Saincheisteanna agus nótaí soiléirithe maidir le PRSAnna
Thug an tÚdarás soiléiriú ar shaincheisteanna áirithe a bhain le PRSAnna a tháinig chun cinn ón mbliain 2010 ar aghaidh. Tá liosta de na saincheisteanna agus de na nótaí soiléirithe a tugadh ar fáil anseo i mBéarla.