Scéim pinsin ceirde
Má tá tú i do bhall de scéim pinsin ceirde, tá tú i dteideal eolas a fháil faoi do shochair phinsin, faoin gcaoi a bhfuil an scéim á reáchtáil agus faoin gcaoi a bhfuil ag éirí leis an gciste pinsin. Ní mór d’iontaobhaithe na scéime an t-eolas sin a thabhairt duit. Ní mór do d'fhostóir faisnéis áirithe a thabhairt duit freisin.
Ós rud é gur ball thú, ba cheart duit a sheiceáil go rialta an bhfuil tú ag cur go leor i leataobh chun an t-ioncam a fháil is mian leat a bheith agat nuair a rachaidh tú ar scor.
Tá Cáipéisí Nochta Samplacha foilsithe ag an Údarás Pinsean, ina bhfuil léirithe chomh soiléir agus is féidir an t-eolas ba cheart a thabhairt do bhaill na scéime. Tá sé d’aidhm ag na cáipéisí sin faisnéis intuigthe a sholáthar ar bhealach struchtúrtha chun go bhféadfaidh na baill bonn eolais a chur faoi na cinntí a dhéanann siad faoina gcoigiltis scoir. Chun féachaint ar na cáipéisí sin téigh go dtí ‘Model disclosure documents’ (Cáipéisí Nochta Samplacha), atá ar fáil i mBéarla.
Má tá gearán agat faoi do scéim pinsin ceirde, ba cheart duit dul i dteagmháil le d’fhostóir agus/nó d’iontaobhaí.
Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta (PRSAnna)
Má tá tú i do ranníocóir PRSA, tá tú i dteideal eolas a fháil faoi na sochair a bheidh agat faoin gconradh PRSA. Tá tú i dteideal faisnéis a fháil faoin gcaoi a bhfuil ag éirí le do chiste/chistí PRSA. Ní mór do do sholáthraí PRSA an t-eolas sin a thabhairt duit.
Ós rud é gur ranníocóir PRSA thú, ba cheart duit a sheiceáil go rialta an bhfuil ranníocaíochtaí go leor á ndéanamh agat le do PRSA chun an t-ioncam a fháil is mian leat a bheith agat nuair a rachaidh tú ar scor.
Má tá gearán agat faoi bhainistiú do PRSA, ba cheart duit dul i dteagmháil le do sholáthraí PRSA le hiarracht a dhéanamh an scéal a réiteach go díreach.
Tuilleadh eolais
Tá áireamhán ar líne ag an Údarás Pinsean a chuireann ar do chumas an méid airgid a bheadh ort a íoc i leith do phinsin ag cur san áireamh d'aois agus do thuarastal bliantúil reatha chun go mbeidh an pinsean agat a bhfuil tú ag súil leis nuair a rachaidh tú ar scor. Tá an t-áireamhán ar fáil anseo i mBéarla.
Tá eolas ar fáil i mBéarla in ‘Pension Guides’ (Treoracha Pinsin) le cabhrú le baill i scéimeanna pinsean ceirde agus le ranníocóirí PRSA a gcearta agus a dteidlíochtaí a thuiscint.
Le tuilleadh eolais a fháil d’fhonn tuiscint a fháil ar na cineálacha éagsúla pinsin, ar an gcaoi a n-oibríonn siad agus ar an eolas nach mór a thabhairt do bhaill, féach ar an gcuid ‘Understanding your pension’ (Do Phinsean a Thuiscint), rud atá ar fáil anseo i mBéarla.