Soláthraithe CCSP

Déanann an tÚdarás Pinsean maoirsiú ar ghníomhaíochtaí soláthraithe cuntais choigiltis scoir phearsanta (CCSP) maidir lena dtáirgí ceadaithe agus déanann sé monatóireacht ar chomhlíonadh na reachtaíochta maidir le CCSP. Cuireann an tÚdarás eolas agus treoir ar fáil freisin do sholáthraithe CCSP maidir lena dtáirgí faofa CCPS agus soláthraíonn sé treoir phinsin do ranníocóirí CCPS.   

Próiseas iarratais táirge CCSP

Ní mór do sholáthraithe nua ionchasacha CCSP bualadh leis an Údarás sula gcuireann siad isteach iarratas ar cheadú táirge CCSP. Ní mór an fhoirm ‘Iarratas CCSP – soláthraithe nua’, atá sa rannán ‘Comhad(Comhaid) Gaolmhara’ thíos a chur isteach ansin chuig an Údarás agus chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Ba cheart do sholáthraithe CCSP atá ann cheana féin atá ag lorg formheasa do tháirgí breise CCPS an fhoirm 'iarratais CCSP – táirgí breise', atá sa rannán 'Comhad/Comhaid Ghaolmhara' thíos a chur isteach chuig an Údarás agus chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Is féidir iarratais a sheoladh trí ríomhphost chuig prsa@pensionsauthority.ie nó tríd an bpost chuig:

Maoirseacht agus Forfheidhmiú
An tÚdarás Pinsean
Teach Verschoyle
28-30 Sráid an Mhóta Íochtarach
2 Baile Átha Cliath
D02 KX27

Má tá aon cheist agat maidir leis an bpróiseas, déan teagmháil le do thoil prsa@pensionsauthority.ie nó cuir glaoch ar 01-6131900.

Próiseas ceadaithe táirge a tharraingt siar

Ní mór do sholáthraithe CCSP atá ag lorg go sainráite go dtarraingeofar siar faomhadh táirge iarratas scríofa a chur faoi bhráid an Údaráis.

Is féidir iarratais ar fhaomhadh táirge a tharraingt siar a sheoladh trí ríomhphost chuig prsa@pensionsauthority.ie nó tríd an bpost chuig:

Maoirseacht agus Forfheidhmiú
An tÚdarás Pinsean
Teach Verschoyle
28-30 Sráid an Mhóta Íochtarach
2 Baile Átha Cliath
D02 KX27

Má tá aon cheist agat maidir leis an bpróiseas, déan teagmháil le do thoil prsa@pensionsauthority.ie nó cuir glaoch ar 01-6131900.

Nósanna imeachta maidir le faomhadh chun athruithe a dhéanamh ar tháirge CCSP ceadaithe

Ní mór do sholáthraithe CCSP atá ag iarraidh gnéithe táirge ceadaithe a athrú fógra a thabhairt don Údarás roimh ré. Is é sin, má tá ciste le cur leis, ciste le baint/dúnadh, nó má tá an struchtúr táillí le hathrú i dtáirge CCSP ceadaithe, ní mór don soláthraí fógra a thabhairt don Údarás roimh ré.

Tá an nós imeachta nach mór do sholáthraithe a leanúint le fáil sa rannán 'Comhad(Comhaid) Ghaolmhara' thíos.

Comhfhreagras trí ríomhphost chuig prsa@pensionsauthority.ie.