Caighdeán maoinithe agus cúlchiste caighdeánach maoinithe

Faoi fhorálacha caighdeán maoinithe Acht na bPinsean, ceanglaítear ar scéimeanna pinsin le sochar sainithe (seachas scéimeanna áirithe go príomha san earnáil phoiblí) deimhnithe maoinithe achtúireach (AFCanna) a ullmhú agus a chur isteach ag eatraimh trí bliana, chuig an Údarás Pinsean. Ó 2012 i leith, ní mór do scéimeanna pinsin den sórt sin deimhnithe cúlchiste caighdeánach maoinithe (FSRCanna) a ullmhú agus a chur isteach ag eatraimh chomhchosúla.

Is é cuspóir AFC agus FSRC a chur ar chumas achtúire na scéime pinsin a dheimhniú an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an scéim an caighdeán maoinithe agus an cúlchiste caighdeánach maoinithe. Ní mór AFCanna agus FSRCanna a chur faoi bhráid an Údaráis de réir na dteorainneacha ama atá sonraithe in Acht na bPinsean.

Mura gcomhlíonann an scéim pinsin an caighdeán maoinithe nó an cúlchiste caighdeánach maoinithe, ní mór moladh maoinithe a chur faoi bhráid an Údaráis de réir na dteorainneacha ama atá sonraithe in Acht na bPinsean.

Sceideal BE – teastas cúlchiste caighdeánach maoinithe

Le héifeacht ón 27 Bealtaine 2013 is é an céatadán a fhorordaítear faoi alt 44(2)(a) d’Acht na bPinsean, chun críche an chúlchiste caighdeánach maoinithe ná 10%. Ba cheart an céatadán seo a úsáid le haghaidh gach FSRC a bhfuil dáta éifeachtach 27 Bealtaine 2013 nó níos déanaí acu. Is é 15% an céatadán atá le húsáid le haghaidh FSRCanna le dáta éifeachtach níos luaithe.