Táillí comhalta aonair

Cad is scéim bhall aonair ann?
Is éard is scéim ball aonair ann ná scéim a bhunaítear faoi litir mhalartaithe nó scéim a bhunaítear le gníomhas iontaobhais agus atá teoranta d’aon bhall amháin.

Conas a íoctar an táille?
Glacann an tÚdarás Pinsean le híocaíochtaí do tháillí scéime pinsean ceirde trí Chlár Sonraí Pinsean an Údaráis (PDR) ar féidir teacht air ar chlé.

Féadfaidh aon duine de na páirtithe leasmhara cláraithe le scéim clárú ag an nasc thuas agus táillí scéime a íoc. Glactar le híocaíocht i bhfoirm cárta creidmheasa nó EFT. Tá sé ríthábhachtach go dtacófar le híocaíochtaí EFT leis na huimhreacha tagartha a ghintear ag pointe próiseála na híocaíochta tríd an PDR.

Cén dáta a mbeidh táillí dlite le híoc?
Tá táillí le híoc faoin 31 Eanáir gach bliain, nó cibé tráth a chinnfidh an tÚdarás.

Cad é an táille do scéim ball aonair?
Tá na rátaí táillí leagtha amach anseo.