Táillí scéime pinsin

Eascraíonn ceann de phríomhfhoinsí ioncaim an Údaráis Pinsean ó tháillí a ghearrtar ar scéimeanna pinsean gairme, lena n-áirítear conarthaí iontaobhais blianachta scoir (RAC). Gearrtar táillí scéime ar chomhaltaí gníomhacha amháin.

Tá iontaobhaithe scéime freagrach as an táille cheart a íoc. Féadfaidh iontaobhaithe an ról seo a tharmligean, ach is orthusan atá an fhreagracht deiridh as táillí scéime a íoc faoi Acht na bPinsean.

Ní ghlacann an tÚdarás Pinsean ach le híocaíochtaí táillí trí Chlár Sonraí Pinsean an Údaráis (PDR) ar féidir teacht air ar chlé.

Féadfaidh aon duine de na páirtithe leasmhara cláraithe le scéim clárú ag an nasc thuas agus táillí scéime a íoc. Tá íocaíocht inghlactha i bhfoirm íocaíochta le cárta creidmheasa nó EFT (féach thíos le haghaidh sonraí bainc). Tá sé ríthábhachtach go dtacófar le híocaíochtaí EFT leis na huimhreacha tagartha a ghintear ag pointe próiseála na híocaíochta tríd an PDR.

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil faoi na táillí a bhaineann leis na cineálacha éagsúla scéimeanna pinsean gairme ach an nasc ábhartha a roghnú ar an mbarra nascleanúna.