Maoirseacht agus forfheidhmiú

Déanann an tÚdarás Pinsean monatóireacht agus maoirsiú ar chomhlíonadh cheanglais Acht na bPinsean ag iontaobhaithe na scéimeanna pinsean gairme, soláthraithe na gcuntas pearsanta coigiltis scoir (CCSP), riarthóirí cláraithe agus fostóirí.

Cuireann an tÚdarás cur chuige réamhbhreathnaitheach, riosca-bhunaithe i bhfeidhm maidir lena mhaoirseacht. Tugann sé faoi obair mhaoirseachta réamhghníomhach trí imscrúduithe a dhéanamh, iniúchtaí ar an láthair agus as an láthair, cruinnithe rannpháirtíochta, athbhreithnithe téamacha agus iniúchtaí deisce. Ina theannta sin, déanann an tÚdarás maoirsiú frithghníomhach mar fhreagra ar imeachtaí sonracha agus/nó tuairiscí sceithireachta agus cuireann sé tús le gníomh forfheidhmithe nuair is cuí. Tá an tÚdarás freagrach freisin as iarratais rialála agus aighneachtaí ó iontaobhaithe scéimeanna pinsean, riarthóirí cláraithe agus soláthraithe CCSP a phróiseáil.