An tÚdarás Pinsean

Shínigh an tAire Coimirce Sóisialaí, Joan Burton, TD an t-ordú um thosach feidhme le héifeacht ón 7 Márta 2014 don Údarás Pinsean dá bhforáiltear faoin Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean (Forálacha Ilghnéitheacha), 2013.

Tá an tÚdarás Pinsean comhdhéanta de chathaoirleach neamhspleách arna cheapadh ag an Aire Coimirce Sóisialaí agus beirt ghnáthchomhaltaí.

  • David Begg

    David Begg

    An tUasal David Begg (Cathaoirleach)

    Ceapadh an Dr. David Begg ina Chathaoirleach ar an Údarás Pinsean in 2016. Is Iar-Ard-Rúnaí é ar Chomhdháil na gCeardchumann in Éirinn agus bhí sé ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Concern Worldwide ó 1997 go 2001. D’fhóin sé ar bhoird roinnt comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí san earnáil phríobháideach lena n-áirítear an Banc Ceannais, Aer Lingus agus an Irish Times Trust. Faoi láthair tá sé ina Chathaoirleach ar an ngrúpa Mater Misericordiae agus Ospidéal Ollscoile na Leanaí agus ar charthanacht leanaí Barnardos. Tá céimeanna máistreachta aige i gCaidreamh Idirnáisiúnta agus Diagacht ó DCU agus PhD sa tSocheolaíocht ó Ollscoil Mhá Nuad. Is ollamh cúnta é in Institiúid Eolaíochtaí Sóisialta Ollscoil Mhá Nuad.

  • Michael J. McGrath

    Michael J. McGrath

    An tUasal Michael McGrath
    Ard-Rúnaí Cúnta, An Roinn Airgeadais
    (Ionadaí an Aire Airgeadais)

    Ceapadh an tUasal McGrath ina chomhalta den Údarás Pinsean i bhFeabhra 2020. Ó Mheán Fómhair 2017, tá freagracht ar Michael as beartas agus reachtaíocht intíre agus AE/Idirnáisiúnta a fhorbairt i ndáil le seirbhísí airgeadais (lena n-áirítear árachas agus pinsin, cistí, margaí airgeadais agus polasaí frith-sciúradh airgid). Tá freagracht bhainistíochta air freisin as Aonad Dlíthiúil inmheánach na Roinne. Tugadh ar iasacht é don Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin Malartach na hÉireann ar Bhord an IMF (2014-2017). Roimhe sin, bhí sé ar an A/Sec. den Rannán AE & Idirnáisiúnta ar feadh tréimhse 2 bhliain agus idir 2007 agus 2012 bhí sé ar an A/Sec. le freagracht as an Rannóg Eacnamaíochta & Buiséid. D’fhóin sé roimhe seo ar an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta, ar an mBord Staidrimh Náisiúnta, agus ar raon de choistí eacnamaíocha agus fioscacha sinsearacha de chuid an AE. Faoi láthair tá sé ina Leas-Chathaoirleach ar Choiste Seirbhísí Airgeadais an AE. Tá BA (eacnamaíocht agus staidéar socheolaíochta & polaitíochta) aige ó UCG, MA (eacnamaíocht) ó UCD, MSc (cáin) ó DCU agus Ard-Dioplóma Iarchéime (Staidreamh) ó Choláiste na Tríonóide.

  • Ciarán Lawler

    Ciarán Lawler

    Ciarán Lawler Uasal
    Rúnaí Cúnta, An Roinn Coimirce Sóisialaí

    Ceapadh Ciarán Lawler ina chomhalta den Údarás Pinsean i mí an Mhárta 2021. Ó mhí na Samhna 2019, tá Ciarán freagrach as an bhfeidhm airgeadais sa Roinn Coimirce Sóisialaí, lena n-áirítear an próiseas Buiséid agus Meastacháin agus ullmhú an Chuntais Leithghabhála bhliantúil agus an Chiste Árachais Shóisialaigh. Cuntas. Tá freagracht air freisin as Aonad Dlí, Aonad Cosanta Sonraí agus Aonad Anailís Infheistíochta na Roinne. Tá an chuid is mó dá ghairmréim sa státseirbhís caite aige sa Roinn Coimirce Sóisialaí agus d’oibrigh sé freisin ar bheartas rialála i Roinn an Taoisigh chomh maith leis an mBord Pinsean (an tÚdarás Pinsean anois). Tá MSc (Eacnamaíocht) in Anailís Bheartais ó UCD/IPA ag Ciarán, MA sa Bheartas Sóisialta ón Ollscoil Oscailte, BA sna Daonnachtaí ó DCU, Teastas Gairmiúil sa Rialachas ón bhForas, agus Teastas san Iriseoireacht ón gColáiste Tráchtála. .