Ráiteas Straitéise an Údaráis Pinsean 2022 – 2024

Leagtar amach i Ráiteas Straitéise an Údaráis Pinsean 2022 go 2024 ár bhfís, ár misean agus ár luachanna agus na cuspóirí straitéiseacha agus na straitéisí ardleibhéil a bheidh mar bhonn agus mar thaca ag ár gclár oibre ó 2022 go 2024.

Athbhreithniú Meántéarma ar an Straitéis, Deireadh Fómhair 2023

Rinne an tÚdarás athbhreithniú meántéarmach ar an straitéis reatha le déanaí. Bhain sé de thátal as go raibh fianaise intomhaiste agus inbhraite ar chomhdhlúthú agus nach raibh aon chúiseanna leis an straitéis reatha a leasú. Mar sin, tá cinneadh déanta ag an Údarás an straitéis reatha a choinneáil go dtí go rachaidh sé in éag i mí na Nollag 2024.