Fúinn

Rialaíonn agus maoirsíonn an tÚdarás comhlíonadh cheanglais Acht na bPinsean

Is comhlacht reachtúil é an tÚdarás Pinsean a bunaíodh faoi Acht na bPinsean.

An tÚdarás:

  • maoirsíonn sé comhlíonadh cheanglais Acht na bPinsean ag iontaobhaithe scéimeanna pinsean gairme agus CBS iontaobhais, soláthraithe cuntais choigiltis scoir phearsanta (PRSA), riarthóirí cláraithe (RAnna) agus fostóirí,
  • imscrúdaíonn sé sáruithe amhrasta ar Acht na bPinsean,
  • déanann sé iniúchtaí ar an láthair agus iniúchtaí comhlíonta,
  • thionscnaíonn sé ionchúisimh agus smachtbhannaí eile sa chás go bhfaightear amach gur sáraíodh Acht na bPinsean,
  • comhairle bheartais agus tacaíocht theicniúil a sholáthar d’obair an Aire agus na Roinne Coimirce Sóisialaí,
  • soláthraíonn sé faisnéis agus treoir ábhartha don phobal agus dóibh siúd a bhfuil baint acu le pinsin, agus
  • déileálann sé le fiosrúcháin a fhaightear ó chomhaltaí scéime, iontaobhaithe, fostóirí, tionscal na bpinsean, an pobal i gcoitinne agus na meáin.

Is iad na trí fheidhm atá ag an Údarás:

  • Maoirseacht agus forfheidhmiú - muinín an phobail i bpinsin a chothú trí scéimeanna pinsin agus CCPSanna a mhaoirsiú go héifeachtach agus go héifeachtúil,
  • Polasaí - comhairle shaineolach a sholáthar don Aire Coimirce Sóisialaí chun cuidiú le heolas a thabhairt ar fhorbairt beartais, agus
  • Eolas - tacú le hiontaobhaithe scéimeanna pinsin agus leis an bpobal trí threoir agus faisnéis a sholáthar.